(45) I gcás ina ndéantar próiseáil i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó i gcás ina bhfuil gá le próiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil, ba cheart bunús a bheith ag an bpróiseáil i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit.
Ní cheanglaítear leis an rialachán seo dlí sonrach a bheith ann do gach próiseáil ar leith.
D'fhéadfadh sé gur leor dlí mar bhunús d'oibríochtaí éagsúla próiseála ar bhonn oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil.
Ba cheart freisin gur faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bheadh sé críoch na próiseála a chinneadh.
Thairis sin, d'fhéadfadh an dlí sin coinníollacha ginearálta an Rialacháin seo a shonrú lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta, na sonraíochtaí a bhunú lena gcinntear an rialaitheoir, cineál na sonraí pearsanta atá faoi réir na próiseála, na hábhair sonraí lena mbaineann, na heintitis a bhféadfar na sonraí pearsanta a nochtadh dóibh, na teorannuithe de réir cuspóra, an tréimhse stórála agus bearta eile chun próiseáil dhleathach chothrom a áirithiú.
Ba cheart gur faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bheadh sé cinneadh a dhéanamh freisin maidir le cé acu ar cheart don rialaitheoir a chuireann cúram i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil a bheith mar údarás poiblí nó mar dhuine nádúrtha nó dlítheanach eile a rialaítear faoin dlí poiblí, nó, i gcás inarb é ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh, lena n-áirítear chun críocha sláinte, amhail sláinte phoiblí agus cosaint shóisialta agus bainistiú seirbhísí cúraim sláinte, faoin dlí príobháideach, amhail comhlachas gairmiúil.
- = -
(101) Tá gá le sreabha sonraí pearsanta chuig tíortha atá taobh amuigh den Aontas agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó na tíortha agus ó na heagraíochtaí sin chun trádáil idirnáisiúnta agus comhar idirnáisiúnta a leathnú amach.
Tá dúshláin nua tagtha chun cinn mar gheall ar mhéadú i sreabha den sórt sin agus is cúis imní sin maidir le cosaint sonraí pearsanta.
Nuair a aistrítear sonraí pearsanta ón Aontas chuig rialaitheoirí, próiseálaithe nó faighteoirí eile i dtríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, áfach, níor cheart an bonn a bhaint de leibhéal cosanta na ndaoine nádúrtha a ráthaítear san Aontas leis an Rialachán seo, lena n-áirítear i gcásanna ina ndéantar sonraí pearsanta a aistriú ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta chuig rialaitheoirí, próiseálaithe sa tríú tír chéanna nó i dtríú tír eile nó san eagraíocht idirnáisiúnta chéanna nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta.
Ar aon nós, ní fhéadfar aistrithe chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéanamh ach má chomhlíontar an rialachán seo ina iomláine.
Níorbh fhéidir aistriú a dhéanamh ach más rud é, faoi réir fhorálacha eile an Rialacháin seo, go ndéanann an rialaitheoir nó an próiseálaí na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.
- = -
(122) Ba cheart do gach údarás maoirseachta a bheith inniúil ar chríoch a Bhallstáit féin chun na cumhachtaí a thugtar dó agus na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh i gcomhréir leis an rialachán seo.
Ba cheart a chumhdach leis sin, go háirithe, an phróiseáil i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí bunaíochta an rialaitheora nó an phróiseálaí ar chríoch a Bhallstáit féin, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha ag gníomhú dóibh chun leas an phobail, próiseáil lena ndéantar difear d'ábhair sonraí ar a chríoch nó próiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas le linn dó díriú ar na hábhair sonraí atá ina gcónaí ina chríoch.
Ba cheart a áireamh leis sin gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí a láimhseáil, imscrúduithe a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feasacht an phobail a chur chun cinn maidir le rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta i ndáil leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta.
- = -
(125) Ba cheart don phríomhúdarás a bheith inniúil ar chinntí ceangailteacha a ghlacadh maidir le bearta lena gcuirtear i bhfeidhm na cumhachtaí a thugtar dó i gcomhréir leis an rialachán seo.
Ina cháil mar phríomhúdarás, ba cheart don údarás maoirseachta dlúthpháirt a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus iad a chomhordú go dlúth sa phróiseas cinnteoireachta.
I gcás ina gcinntítear diúltú do ghearán an ábhair sonraí, go hiomlán nó go páirteach, ba cheart don údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an cinneadh sin a ghlacadh.
- = -
(139) D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a chur chun cinn, ba cheart an Bord a chur ar bun mar chomhlacht neamhspleách de chuid an Aontais.
Chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith ag an mBord.
Ba cheart do Chathaoirleach an Bhoird ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann.
Ba cheart don Bhord teacht in ionad na Meithle um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil a bunaíodh le Treoir 95/46/CE.
Ba é ba cheart a bheith ar an mBord ceann údaráis mhaoirseachta ó gach Ballstát agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó a n-ionadaithe faoi seach.
Ba cheart don Choimisiún páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Bhoird gan cearta vótála a bheith aige agus ba cheart cearta sonracha vótála a bheith ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí.
Ba cheart don Bhord rannchuidiú leis an rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí chomhairle a chur ar an gCoimisiún, go háirithe maidir le leibhéal na cosanta i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus trí chomhar idir na húdaráis mhaoirseachta a chur chun cinn ar fud an Aontais.
Ba cheart don Bhord gníomhú go neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige.
- = -
(142) I gcás ina measann ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú, ba cheart an ceart a bheith aige nó aici sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach a bhunaítear i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtúla chun leas an phobail aige nó aici agus atá gníomhach sa réimse maidir le sonraí pearsanta a chosaint, gearán a chur faoi bhráid údarás maoirseachta ar a shon nó ar a son, agus ba cheart an ceart a bheith aige nó aici an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil a fheidhmiú ar son ábhar sonraí nó an ceart chun cúiteamh a fháil ar son ábhar sonraí, má dhéantar foráil don chás deireanach sin i ndlí Ballstáit.
Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh go mbeadh sé de cheart ag comhlacht, ag eagraíocht nó ag comhlachas den sórt sin gearán a thaisceadh sa Bhallstát sin, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, i mBallstát den sórt sin, agus go mbeadh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil aige nó aici i gcás ina bhfuil cúiseanna ann lena meas gur sáraíodh cearta ábhair sonraí mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta a sháraíonn an rialachán seo.
Ní fhéadfaidh an comhlacht, an eagraíocht nó an comhlachas sin cúiteamh a éileamh thar ceann an ábhair sonraí go neamhspleách ar shainordú an ábhair sonraí.
- = -
(149) Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na rialacha maidir le pionóis choiriúla a leagan síos do sháruithe ar an rialachán seo, lena n-áirítear do sháruithe ar rialacha náisiúnta a ghlactar de bhun an Rialacháin seo agus laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo.
Féadfar ceadú faoi na pionóis choiriúla sin freisin go gcaillfear na brabúis a fhaightear trí sháruithe ar an Rialachán seo.
Níor cheart, áfach, gurb é an toradh a bheadh ar phionóis choiriúla a fhorchur le haghaidh sáruithe ar rialacha náisiúnta den sórt sin agus a bheadh ar phionóis riaracháin a fhorchur go sárófaí prionsabal ne bis in idem, mar a léiríonn an Chúirt Bhreithiúnais é.
- = -
(150) Chun pionóis riaracháin a neartú agus a chomhchuibhiú le haghaidh sáruithe ar an rialachán seo, ba cheart an chumhacht a bheith ag gach údarás maoirseachta fíneálacha riaracháin a ghearradh.
Ba cheart a léiriú sa Rialachán seo sáruithe agus an uasteorainn agus na critéir chun na fíneálacha riaracháin a bhaineann leo a shocrú, ar cheart don údarás maoirseachta inniúil iad a chinneadh i ngach cás aonair, agus na himthosca ábhartha uile den staid shonrach á gcur san áireamh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar chineál, ar thromaíocht agus ar fhad an tsáraithe agus ar a iarmhairtí agus ar na bearta a dhéantar chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun iarmhairtí an tsáraithe a chosc nó a mhaolú.
I gcás ina ngearrtar fíneálacha riaracháin ar ghnóthas, ba cheart gnóthas a thuiscint mar ghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 CFAE chun na gcríoch sin.
I gcás ina ngearrtar fíneálacha riaracháin ar dhaoine nach gnóthas iad, ba cheart don údarás maoirseachta aird a thabhairt ar an leibhéal ginearálta ioncaim sa Bhallstát chomh maith le staid eacnamaíoch an duine agus méid iomchuí na fíneála á mheas aige.
Féadfar an sásra comhsheasmhachta a úsáid freisin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach fíneálacha riaracháin a chur chun cinn.
Ba cheart gur faoin mBallstát a bheadh sé cinneadh a dhéanamh ar cheart d'údaráis phoiblí a bheith faoi réir fíneálacha riaracháin agus a mhéid ba cheart dóibh a bheith faoi réir na bhfíneálacha sin.
Le fíneáil riaracháin a ghearradh nó le foláireamh a thabhairt, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm cumhachtaí eile de chuid na n-údarás maoirseachta ná do chur i bhfeidhm pionós eile faoin Rialachán seo.
- = -